Archive: IMBOLC 2020

We’re all lifelong learners.

Most of us have goals or interests outside of our formal schooling and jobs. We have a natural curiosity and we are natural learners. Learning for its own sake brings its own advantages and enhances social inclusion, active citizenship, and personal development.

IMBOLC Festival’s Lifelong Learning programme comprises three introductory workshops for personal development and learning: dance, music and theatre language.

Each Lifelong Learning class costs £10 individually. Sign up for all three and pay only £20! Please book early to avoid disappointment as places are limited and workshops often sell out!

Is foghlaimeoirí fad saoil muid uilig.

Tá spriocanna nó spéiseanna ag an chuid is mó againn taobh amuigh dár scolaíochta agus dár bpostanna féin. Bíonn fiosracht nádúrtha againn agus is foghlaimeoirí nádúrtha muid chomh maith. Baineann buntáistí móra leis an fhoghlaim ar mhaithe leis an fhoghlaim féin, mar a chuireann sí leis an ionchuimsiú sóisialta, leis an saoránacht ghníomhach agus leis an fhorbairt phearsanta.

Bíonn trí bhuncheardlann i gceist le clár Foghlaim Fad Saoil ar Fhéile IMBOLC, a chuideoidh le forbairt agus le foghlaim phearsanta an duine: damhsa, ceol, drámaíocht agus teanga.

Tá costas £10 ar gach rang ‘Foghlaim fad saoil’ ar leith. Cláraigh le gach rang agus ní bheidh ach costas £20 orthu! Cuirigí áiteanna in áirithe go luath chun iad a chinntiú le bhur thoil mar gheall ar spásanna teoranta agus toisc gur minic a líontar na ceardlanna go gasta!

An introduction to acting | Bunchúrsa aisteoireachta

Presented by Lyric Theatre’s Creative Learning programme

Tutor | Teagascóir: Kieran Lagan

Saturday 1 February | An Satharn 1 Feabhra

12:00 – 14:00

Cultúrlann Ui Chanáin

This introductory workshop in acting offers the opportunity for those who have a little experience, or perhaps none at all, to investigate the basic techniques behind successful theatre performance. Kieran Lagan is the lead Acting Tutor for the Lyric Theatre’s highly successful Drama Studio programme. He trained at the Central School of Speech and Drama and teaches at Queen’s University, Belfast and Ulster University.

Tugann an bhuncheardlann aisteoireachta seo deiseanna dóibh siúd nach bhfuil ach beagán taithí acu, nó dóibh siúd nach bhfuil taithí ar bith acu, na bunmhodhanna aisteoireachta a bhíonn taobh thiar den drámaíocht mhaith a iniúchadh. Is é Kieran Lagan an Príomhtheagascóir Aisteoireachta ar chlár rathúil de chuid an Lyric Theatre darb ainm Drama Studio. Chuaigh sé féin faoi oiliúint ar an Central School of Speech and Drama agus bíonn sé ag teagasc anois ar Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, agus ar Ollscoil Uladh.