Archive: IMBOLC 2020

We’re all lifelong learners.

Most of us have goals or interests outside of our formal schooling and jobs. We have a natural curiosity and we are natural learners. Learning for its own sake brings its own advantages and enhances social inclusion, active citizenship, and personal development.

IMBOLC Festival’s Lifelong Learning programme comprises three introductory workshops for personal development and learning: dance, music and theatre language.

Each Lifelong Learning class costs £10 individually. Sign up for all three and pay only £20! Please book early to avoid disappointment as places are limited and workshops often sell out!

Is foghlaimeoirí fad saoil muid uilig.

Tá spriocanna nó spéiseanna ag an chuid is mó againn taobh amuigh dár scolaíochta agus dár bpostanna féin. Bíonn fiosracht nádúrtha againn agus is foghlaimeoirí nádúrtha muid chomh maith. Baineann buntáistí móra leis an fhoghlaim ar mhaithe leis an fhoghlaim féin, mar a chuireann sí leis an ionchuimsiú sóisialta, leis an saoránacht ghníomhach agus leis an fhorbairt phearsanta.

Bíonn trí bhuncheardlann i gceist le clár Foghlaim Fad Saoil ar Fhéile IMBOLC, a chuideoidh le forbairt agus le foghlaim phearsanta an duine: damhsa, ceol, drámaíocht agus teanga.

Tá costas £10 ar gach rang ‘Foghlaim fad saoil’ ar leith. Cláraigh le gach rang agus ní bheidh ach costas £20 orthu! Cuirigí áiteanna in áirithe go luath chun iad a chinntiú le bhur thoil mar gheall ar spásanna teoranta agus toisc gur minic a líontar na ceardlanna go gasta!

An introduction to Irish traditional music | Bunchúrsa cheol traidisiúnta na hÉireann

Tutor | Teagascóir: Maggie Maguire

Thursday 30 January | An Déardaoin 30 Eanáir, 18:00 – 20:00

18:00 – 20:00

Acadamh Ceoil Chaoimhín Uí Dhochartaigh

Maggie Maguire is a traditional Irish fiddle player and teacher from Derrygonnelly, Co. Fermanagh. From a stylistically-reputed family of musicians, she has achieved various All-Ireland competition awards, and has appeared on several Irish and international television and radio programmes, including TG4’s Geantraí and BBC’s Blas Ceoil. She studied Music to degree and Masters Level under Dr. Liz. Doherty at the Ulster University, Derry City (UU). Leader of the 2014 All-Ireland-winning Knockmore Céilí Band, she has broadcast with them in the 2015 TG4 series Stair na mBannaí. She has performed with artistes including Mícheál Ó Súilleabháin, the RTÉ Concert Orchestra, The Chieftains, and Liz Doherty and Fiddlesticks. She has played in Ireland and abroad with CCÉ’s Tour across Ireland, in Britain and America, and at festivals including including Ar Ais Arís (Co. Donegal), Tonder (Denmark), Dolans’ (Co. Limerick), Celtic Colours (Canada) and Celtic Connections (Scotland).

Is fidléir traidisiúnta agus teagascóir í Maggie Maguire as Doire Ó gConaíle, Co. Fhear Manach. Is as teaghlach aitheanta í a bhfuil cáil orthu mar gheall ar an ardstíl atá acu, agus tá go leor craobhacha na hÉireann buaite aici. Is iomaí uair a bhí sí le cluinstin ar theilifís agus ar raidió na hÉireann agus go hidirnáisiúnta, Geantraí de chuid TG4 agus Blas Ceoil de chuid an BBC san áireamh. Rinne sí staidéar ar an Cheol mar chéim agus mar Mháistreacht faoi stiúir an Dr. Liz. Doherty ar Ollscoil Uladh, Doire Cholmcille (UU). Bhí sí i mbun banna céilí an Chnoic Mhóir, a bhain Craobh na hÉireann sa bhliain 2014, agus chuaigh sí ar shraith TG4 darb ainm Stair na mBannaí leo sa bhliain 2015. Sheinn sí le go leor siamsóirí, Mícheál Ó Súilleabháin, Ceolfhoireann Ceolchoirme RTÉ, The Chieftains, Liz Doherty agus Fiddlesticks san áireamh. Sheinn sí in Éirinn agus thar lear mar chuid de thurais CCÉ timpeall na hÉireann, na Breataine agus Mheiriceá, agus ar go leor féilte, Ar Ais Arís (Co. Thír Chonaill), Tonder (an Danmhairg), Dolans’ (Co. Luimnigh), Celtic Colours (Ceanada) agus Celtic Connections (Albain) uilig san áireamh.