Tá féile cheoil idirnáisiúnta IMBOLC ar cheann de bhuaicphointí cultúrtha na bliana san Iarthuaisceart, agus ar cheann d’fhéilte ceoil na hÉireann. Tá clú ar an fhéile ní hamháin as léirithe a chur i láthair in atmaisféar iontach ó phlúr na n-ealaíontóirí as tíortha éagsúla, ach as a bheith ag tacú fosta le tallann úr a thabhairt chun stáitse in éagsúlacht seánraí. Déanann an fhéile ceiliúradh ar gach gné den traidisiún, ar a n-áirítear éagsúlacht shaibhir cheol tíre ón cheol dúchasach go dtí an ceol is úire.

Leanann an fhéile uirthi ag tógáil ar an obair rathúil go dtí seo chun pobal ionchuimsitheach ceoil a chruthú ina bhfuil fáilte roimh an éagsúlacht agus ina dtugtar tacaíocht don oiread daoine agus is féidir a bheith páirteach i saol an cheoil, agus ina gcuirtear an ceol chun cinn i measc páistí, daoine óga agus teaghlach, chomh maith le himeachtaí ceoil ar leith do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu.

Tá an fhéile bródúil as na coimisiúin cheoil shaindeartha atá curtha ar fáil aici, i gcomhpháirt le réimse leathan cumadóirí cumasacha. Tugann an ceol úrchruthaithe seo deis don lucht éisteachta agus don lucht féachana saothar úr a aimsiú agus a bhlaiseadh, chomh maith le deis do cheoltóirí óga a gcruthaitheacht cheoil a fhiosrú.

Dá bhrí sin uilig, is é atá i bhFéile Cheoil Idirnáisiúnta IMBOLC ná eispéireas ceoil agus cultúrtha den chéad scoth.

Faigheann Féile Cheoil Idirnáisiúnta IMBOLC tacaíocht fhlaithiúil ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus ó Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin.

___

IMBOLC International Music Festival is one of the highlights of the North West cultural calendar and one of Ireland's music festivals. The festival is renowned for not only presenting performances in a great atmosphere by world class artists but in championing up-and-coming talent in a range of genres. Its inclusive vibe celebrates tradition in all its many forms, including the rich diversity of folk acts from grassroots to cutting edge.

The festival continues to build on its success in creating an inclusive music community which embraces variety and supports access to music-making to as wide a range of people as possible, promoting the enjoyment of music to children, young people and families as well as specially devised music events for people with special needs.

The festival prides itself on the delivery of bespoke music commissions, in collaboration with a wide range of talented composers. This development of new work enables audiences to discover and experience new music and young musicians to explore their music creativity.

All in all, IMBOLC International Music Festival offers a first class music and cultural experience.

IMBOLC International Music Festival is generously supported by the Arts Council of Northern Ireland and Derry City and Strabane District Council.