Archive: IMBOLC 2024

Cinntíonn ár Club Féile go mall san oíche go bhfuil fiú níos mó ceoil ann le sult a bhaint as i lár na hoíche! Ar oícheanta an chlub beidh príomhealaíontóirí féile ag seinm. San áireamh sa chlár Dé hAoine beidh Huartan, SuperCéilí agus aíonna speisialta eile.
___

Our late night Festival Club ensures that there is even more music to enjoy into the wee small hours! The club nights will feature performances from key festival artists. Included in the line-up on Friday will be Huartan, SuperCéilí and other special guests.

Ticéid Anseo // Tickets Here


Huartan

Is grúpa ardfhuinnimh Tradtronica bunaithe i mBéal Feirste iad Huartan, a cheolann i nGaeilge. Tá trí cheoltóir/amhránaí ceoil thraidisiúnta oilte sa bhanna, Stiofán Loughran, Catríona Gribben agus Miadhachlughain (Múlú) O’Donnell. Is é a sprioc amhráin thraidisiúnta Ghaelacha ársa atá i mbaol a ghlacadh agus iad a chur i gcomhthéacs an cheoil damhsa leictreonaigh chun iad a chomhroinnt le lucht féachana nua-aimseartha.

___

Huartan is a Belfast based, high energy, Tradtronica group who sing in the Irish language. The band consists of three skilful trad musicians/singers, Stíofán Loughran, Catriona Gribben and Miadhachlughain (Múlú) O’Donnell. Their goal is to take ancient and endangered Irish traditional songs and put them in the context of electronic dance music to share them with a modern audience.


SuperCéilí

Is é SuperCéilí an t-eispéireas damhsa cóisire is fearr ar fad le blaiseadh Gaelach. Meascann an seó foinn thraidisiúnta Ghaelacha le popamhráin damhsa mhór-ráchairte. Tá ceoltóirí a bhfuil taithí fhada acu in SuperCéilí a bhrúnn críocha ag úsáid teicneolaíochta, agus tá a láithreacht ar an ardán gan sárú. Cuireann seó amhairc sioncróinithe a thuilleadh le taispeántas a thug isteach mórán nithe den chéad uair: uirlisí digiteacha, bolgáin cheo, beochaintí léasair, cumhacht agus iompair seó atá 100% in-athnuaite, agus a lán eile.

___

SuperCéilí is the ultimate dance party experience with an Irish twist. The show mixes traditional Irish tunes with electronic and pop dance hits. Featuring experienced musicians who push boundaries using technology, the stage presence of SuperCéilí is unmatched. A synchronised visual show further enhances a spectacle that has introduced many firsts in Irish music: digital instruments, fog bubbles, laser animations, 100% renewable show power and transport, and lots more.