Archive: IMBOLC 2020

We’re all lifelong learners.

Most of us have goals or interests outside of our formal schooling and jobs. We have a natural curiosity and we are natural learners. Learning for its own sake brings its own advantages and enhances social inclusion, active citizenship, and personal development.

IMBOLC Festival’s Lifelong Learning programme comprises three introductory workshops for personal development and learning: dance, music and theatre language.

Each Lifelong Learning class costs £10 individually. Sign up for all three and pay only £20! Please book early to avoid disappointment as places are limited and workshops often sell out!

Is foghlaimeoirí fad saoil muid uilig.

Tá spriocanna nó spéiseanna ag an chuid is mó againn taobh amuigh dár scolaíochta agus dár bpostanna féin. Bíonn fiosracht nádúrtha againn agus is foghlaimeoirí nádúrtha muid chomh maith. Baineann buntáistí móra leis an fhoghlaim ar mhaithe leis an fhoghlaim féin, mar a chuireann sí leis an ionchuimsiú sóisialta, leis an saoránacht ghníomhach agus leis an fhorbairt phearsanta.

Bíonn trí bhuncheardlann i gceist le clár Foghlaim Fad Saoil ar Fhéile IMBOLC, a chuideoidh le forbairt agus le foghlaim phearsanta an duine: damhsa, ceol, drámaíocht agus teanga.

Tá costas £10 ar gach rang ‘Foghlaim fad saoil’ ar leith. Cláraigh le gach rang agus ní bheidh ach costas £20 orthu! Cuirigí áiteanna in áirithe go luath chun iad a chinntiú le bhur thoil mar gheall ar spásanna teoranta agus toisc gur minic a líontar na ceardlanna go gasta!

Dance | Damhsa

An introduction to Sean-nós dancing | Bunchúrsa damhsa ar an Sean-nós

Tutor | Teagascóir: Mary McGuiggan

Wednesday 29 January, 10:00 – 12:00

Cultúrlann Ui Chanáin

Mary McGuiggan is a traditional Irish step dancer from Bellaghy in South Derry and has been immersed in Irish song and dance since an early age. She has danced competitively, winning many championships at local, Ulster and All-Ireland level.

She has performed in the Irish Sea Sessions Tour, the North Atlantic Fiddle Convention, The Oireachtas and All-Ireland Fleadheanna. She performs and teaches workshops across Ireland with her brother Joe; both were awarded the Bardic Lifetime Achievement Award at the All Ireland Fleadh in Sligo in 2015.

 

Is damhsóir céime traidisiúnta í Mary McGuiggan as Baile Eachaidh i ndeisceart Chontae Dhoire agus tá sí féin báite sa cheol agus sa damhsa Gaelach ó bhí sí iontach óg. Is iomaí comórtas damhsa atá buaite aici, go leor craobhchomórtas áitiúil, craobhacha Uladh agus craobhacha na hÉireann san áireamh.

Bhí sí ar an ardán leis an Irish Sea Sessions Tour, ar an North Atlantic Fiddle Convention, ag an Oireachtas agus ar Fhleadh Cheoil na hÉireann. Bíonn sí ag damhsa agus ag dul i mbun ceardlanna lena deartháir Joe ar fud na hÉireann; bronnadh Bardic Lifetime Achievement Award ar an bheirt acu ar Fhleadh Cheoil na hÉireann i Sligeach sa bhliain 2015.