Archive: IMBOLC 2020

A crew including musicians Glen Hansard and Brendan Begley, artist Liam Holden, stonemason Brendan Moriarty, and the late writer and poet Danny Sheehy embark on a voyage to the Camino by sea.

Together they take their naomhóg, a traditional boat they built themselves, on a gruelling 2,500km modern day Celtic odyssey all the way from Ireland to Northern Spain. Pulling into coastal towns and villages en route, camping, cooking and nursing their blisters, this eclectic crew forged many new relationships, surprising those they met with the simplicity of their vessel and inspiring them with their courage, endurance, storytelling, music, poetry and song.

Dónal Ó Céilleachair’s uplifting and extraordinarily beautiful film celebrates this expedition which, in the words of the late Danny Sheehy, led to the ‘deepening and renewing of friendships, creativity and spirituality’.

IRELAND | 95 minutes | 2017 | English & Irish

Tugann foireann faoi aistear farraige chuig an Chamino, foireann ina bhfuil na ceoltóirí Glen Hansard agus Brendan Begley, an t-ealaíontóir Liam Holden, an saor cloiche Brendan Moriarty agus an scríbhneoir agus file Domhnall Mac Síthigh, atá ar shlí na fhírinne anois.

Imíonn siad leo ina naomhóg atá tógtha acu féin ar thuras trom 2,500km as Éirinn go dtí tuaisceart na Spáinne, ar nós turais a dhéanfadh na Ceiltigh fadó. Is iomaí caidreamh nua a thóg an fhoireann éagsúil seo, mar a bhuail siad isteach bailte agus sráidbhailte cósta ar an bhealach, ag campáil, ag cócaireacht agus ag tabhairt aire do spuaiceanna a gcosa. Chuir simplíocht a mbáid iontas ar na daoine a casadh orthu agus chuaigh misneach agus diongbháilteacht na foirne i bhfeidhm orthu fosta, chomh maith lena gcuid scéalaíochta, ceoil, filíochta agus amhránaíochta.

Déanann scannán álainn spreagúil Dhónail Uí Chéilleachair ceiliúradh ar an aistear seo agus, mar a dúirt Domhnall Mac Síthigh, nach maireann, is é an toradh a bhí air ná an ‘deepening and renewing of friendships, creativity and spirituality’.

ÉIRE | 95 bomaite | 2017 | Béarla & Gaeilge